Privacy Policy Cookie Policy
top of page

Comenius

Tá áthas an domhain orainn anseo i nGaelscoil Bhaile Brigín a bheith in ann a fhógáirt gur glacadh lenár n-iarratas le Comenius. Beidh muid ag glacadh páirte, i gcomhpháirt le 6 scoil eile i dtionscnamh atá ag cur an-bhéim ar chursaí spoirt. “Euroball” an t-ainm atá ar an tionscnamh agus sé aidhm an tionscnaimh ná cluiche úr, nua a chruthú i gcomhpháirt le scoileanna eile thar timpeall na Eorpa. Chomh maith leis sin, beidh an-bhéim ar glacadh páirte, árdú feasachta maidir le cúrsaí teangan,An Eoraip, ilchulturachas, cur chun an TEC agus go leor eile nach iad. Beidh muid ag obair go dlúth le Gaelscoil Riabhach i mBaile Locha Riach, a bhí ar thuras scoile linn mí Bealtaine seo caite go Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe, agus ansin le scoileanna sa Spáinn, An Chróit, An Ungair, an Tuirc agus an Bhuilgéir. Críochnóidh an tionsncamh suas i Meitheamh 2014, nuair a bheidh an Craobh idirnáisiúnta den chluiche nua seo ar siul in Éirinn, áit go dtiocfaidh ionadaithe ó gach scoil eile, idir mhúinteoirí agus pháístí go hÉirinn agus go mbeidh muid idir BÁC agus Gaillimh.

Tá muid ag súil go mór le tús a chur leis an tionscnamh seo go luath. An chéad chéim de ná go bhfuil cómórtas ealaíne le rith i ngach scoil go luath an tearma seo chun logo comónta a roghnú don spoirt.

 

Coinneofar sibh ar an eolas de réir mar a tá muid ag dul ar aghaidh! Beidh pictiúir le feiceáil a luaithe is go dtosaíonn an réamhobair. Tá maoiniú súntasaach le fáil ag an scoil faoin scéim seo ag Comenius agus tá ríméad an-domhain orainn gur eirigh linn é a bhaint amach agus tá muid ag súil an-oiread le dul ag obair lenár gcuid páirtithe nua ar fud na hEorpa!

bottom of page